Blacknight celebrates Seachtain na Gaeilge

Coicíos ó shin d’fhoilsíomar físeán fógraíochta i nGaeilge, an chéad uair a bhain Blacknight úsáid as an nGaeilge in ár gcuid fógraíochta. Inniu, táimíd ag cur trí chinn eile leis, mar phoiblíocht don éagsúlacht táirgí atá againn maidir le ainmneacha fearann, leis na h-iarmhíreanna .com, .net, .biz agus .co. Foilseofar físeán eile i gcomhair .me i gceann cúpla seachtainí agus tá tairiscint speisialta ar an fearainn sin againn in onór na h-ocáide. Tá tuilleadh eolais ar an dtairiscint ag deireadh an ailt seo agus is féidir cnuasach na bhfíseán a fheiscint anseo thíos:

Cuirfear an cheist: cad chuige an Ghaeilge anseo ar shuíomh gnó? Is é an freagra ná gur acmhainn ghnó í an Ghaeilge againn i Blacknight, cosúil leis na ríomhairí agus na líonraí, saineolas agus cumas na fóirne atá againn, ár gcustaiméirí dílse, baile agus dúiche Cheatharlaigh mar a bhfuilimíd lonnaithe, an aeráid mheasartha a chuidíonn linn an teas a bhaint as an ionad sonraí, agus an tIdirlíon féin.

Is é an tionchar is mó atá ag an Idirlíon ná go gcothaíonn sé an éagsúlacht agus an iolrachas. Tugann sé cothrom na féinne do ghnolachtaí beaga agus do chultúir mhionlaigh chomh maith. Séanann sé an dearcadh nach bhfuil ach bealach amháin le cumarsáid a dhéanamh, nó polaitíocht, nó gnó. Cuireann sé folús ar neamhní agus daoine i dteagmháil, agus is bunchloch é ar féidir tógáil air.

Má tá an tIdirlíon go maith don nGaeilge, tá an Ghaeilge féin tabhachtach dúinne mar chomhlacht idirlín atá ag trádáil go h-idirnáisiúnta. Ag comhdhálacha idirnáisiúnta casaimíd ar lucht gnó ó gach aon tír agus cultúr. Baintear úsáid as an lingua franca i gcúrsaí gnó, ach tá gach aon duine bródúil as a oidhreacht chultúrtha féin, agus meas acu ar a chéile.  Is comhlacht Éireannach é Blacknight, agus is cuid dá bhranda é an tÉireannachas. Déanann sé sinn a idirdhealú ón mBreatain agus ó Mheiriceá, rud atá tabhachtach i láthair na huaire nuair atá deighiltí suntasacha dá nochtadh maidir le príomháideachas agus cearta digiteacha i dtíortha éagsúla.

Aithníonn Blacknight tabhacht an chultúir Ghaelaigh, agus tacaimíd le pobal na Gaeilge atá ag éileamh a gcearta.  Táimid sásta ár gcuid a dhéanamh chun tacú le h-infheictheacht na teanga agus guímíd beannachtaí na Féile Pádraig ar na Gaeil go léir ar fud an domhain!

Idir seo agus deireadh na míosa beidh na tairiscintí seo ar fáil:

.BIZ / .COM / .NET / .ME / .CO
Clárú bliana SAOR IN AISCE má cheannaíonn tú pacáiste óstála Maximus ar feadh bliana

.BIZ / .COM / .NET/ .ME
Clárú bliana ar €4.99, má cheannaíonn tú pacáiste óstála Minimus ar feadh bliana

.CO
Clárú bliana ar €7.99, má cheannaíonn tú pacáiste óstála Minimus ar feadh bliana

Le feidhm a bhaint as na tairiscintí seo, tabhair cuairt ar domainoffers.me

Search for your perfect domain name...